School: Ráth Mhór (B.) (roll number 16987)
- Location:
- Rathmore, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ó Cróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráth Mhór (B.)
- XML Page 017
- XML “Pátrún an Pharóiste”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Naomh Cuimín an Pátrún ag an bparóiste.
B'eisean a thug an fior creideamh dos na daoinibh.Bé Mathghamhna an taoiseach a bhí ar an gceanntair an uair sin. Cuaidh Naomh Cuimín agus a dhriothar cuige agus dh'íarradar air ceanntar do thabhairt dóibh cun solus an creidimh do cur ar lasadh ann. Dubhairt an taoiseach Leo go dtabharfadh sé dóibh an méid a bheadh siúbhalta aca ó éirighe na gréine go dtí a dul fé sa tráthnóna.D'éirigheadar araon ar breacadh an lae. Siubhal Naomh Cuimín an paroíste seo ar fad ac thuit an chodhladh ar an bhfear eile s níor shiubhal sé ac fior bheagán ar a dtugtar Firies anois.D'éirig le Naomh Cuimín an creidheamh do thabhairt do's na Bárbaraigh a bhí na gcómhnuidhe sa Ráth Mhór.