School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Laetheannta Áirighthe Gairbh-shín na gcuach – An coichthígheas déanach de’n Abrán agus an céad coichthigheás de Bhealtaine. Tagann sé ana-fhuar i gcomhnuidhe. “Níor sgar sé riamh leis an bhfuacht” a deireadh na sean daoine.
Lá crosta na bliana – An triomhadh lá tar éis na Nodlag. Ní dheinidís aon chasadh de’n dturann aon lá san agus ní pósann aoinne.
Lá le Brighidh - Ní deineann siad aon chasadh de’n dturann.
Lá le Muire an Daingean – An t-ochtmhadh lá de Meadhon Fógmhair, trí seachtmhaine ó lá le Mhichil. Ní bhíodh siad ag sníomh nó ag figheadóireacht an lá san.
Lá le Mhichil – Díolaidís an cíos an lá san. Ainm an duine ó’n a bhfuaras é seo:-
Seán Ua Muircheartaig (As Gleann Carrthaigh)
Tig na mBocht, Cill Áirne- Informant
- Seán Ua Muircheartaig
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry