School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- XML Page 126
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéalBhí croch ar thaobh an bhóthair leath mhíle ó’n nDaingean “Barra an Chroisín” a tugtaí ar an áit go raibh sí. Bhí a lánamha ag siubhal an bhódthair dóibh féin lá. Págánaibh a bhí ionnta agus d’fhéadfaidís a rogha rud do dhéannaimh. Bhí an dlighe ina lámhaibh féin san am san. Dubhairt an bhean le’n a fear ná feaca sí aoinne ríamh a chrochadh. “Dheire, ní fearra duith a fheiscint.” “Ní bheidh mé sásta go b’feichidh mé é.” D’fhéach sé timcheall air féin agus bhí fear ag tuilleamh a phágha dó féin i ngort in aice leo. Glaodhaidh sé anois air. Tháinigh sé aníos cuigis. D’fhiafruigh sé dhó cad é an gnó a bhí aige dhó. Dúbhairt sé leis go raibh a ghnó aige dhó, go raibh sé ag teacht isteach ar daoine eile gur mó a teastuigh uaidh lá págha uatha ná uaidh féin. “Druid i leith chugham.” Níor dhein sé rud ach an slabhra a bhí aige do chur ar a mhuinéal agus do chroch sé é. “Seadh anois” arsa é lé’n a bhean “bhfuilir sásta?” “Nílim” ar sise “Tá aithreachas orm i dtaobh é a dhéanamh.” “Aithreachas fada ort – ní indiu ná indé a bhí an galar ort.” Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéal:-
Pádruig Ua Súilleabháin
Tig na mBocht,
Cíll Áirne- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry