School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- XML Page 040
- XML “Bia”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- BiadhArán Dá shaghas aráin a bhíodh acu. Císte buidhe agus arán cruithneachtan agus is minic do bhíodh an t-arán go dubh. Meiltí an gráinne istig sa tig. Bhíodh bairille leagtha ar an úrlár agus bhíodh dá bhró, poll i gceann acu. Caithtí an coirce isteach sa pholl agus bhíodh sé gá meilt do réir mar a castaí an lámh adhmaid. Ní bhíodh aon ocras ort in diaidh béile de'n arán a deintí de’n gráinne sin.
Bhíodh béal leathan ar an oighean agus bhíodh sé caol suas annsan.
An breant a tugtaí ar an rud a cuirtí fe’n ngreideall.
Feoil Ní bhíodh feoil acu ach timcheall na Nodhlag.
Iasg Colomóid a bhíodh acu san am san.
Cupán A glaodhaidís ar árthach adhmaid a bhíodh acu cun blúire ime (ceapaire) a choiméad. Ní bhíodh aon t-sásamh ag na sean-daoine gan béile ruachan a bheith acu i gcóir Aoinne an Chéasta.
Rud éile a bheadh dúil acu ann agus a bhí go h-aerach ann san am san “Sleaddaí.” Gheibhidís é ins na failleacha. Cuirtí síos é a bheiriú, agus do sgaoiltí an céad uisge de.(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Bhuirtinig
- Gender
- Female
- Address
- Killarney, Co. Kerry