School: Drumgossatt (B.) (roll number 14071)
- Location:
- Drumgoosat, Co. Monaghan
- Teacher: T. Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Drumgossatt (B.)
- XML Page 218
- XML “Cath Mhachaire Cluana”
- XML “Cathal Buí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)annsiúd gan fhios acu cá rabh siad ag dul. Ach sa deireadh sgaoil Trench an gunna a bhí aige agus marbhuigheadh fear amháin agus leonadh fear eile. Thárla an rud seo san bhliahdain 1846 Dia h-Aoine. Tá sean-fhocal ag na sean daoine annseo "Indiu an Aoine ní chluinfidh siad sinne." na Sigheoga atá i gceist. Deirtear nach mbíonn na sigheoga amuigh Dia h-Aoine agus nach bhfuil aon dochar ann luadh dóibh an lá sin. Is dóichegur a b'é sin an fáth go dtosuigheann na daoine thart fá'n áit seo ar aon obair atá le déanamh acu Dia h-Aoine. Ag cur síol nó ag baint an choirce nó aon obair mar sin is maith leó tosnú do chur air Dia h-Aoine.
- Deirtear go mbíodh Cathal Buidhe san duthaigh seo go minic. File na h-ochtmhadh aois do bheadh é. Peacaidhe mhór do bhí ann do réir cosamhlachta. Ní leigfidhe isteach san pharóiste é sa deireadh mar bhí an iomad sin de dhroch-chliú air. Ní rabh aon meas ar bith ag na sagairt air agus dubhairt sagart amháin go bhfágfadh sé mallacht ar(continues on next page)