School: Drumgossatt (B.) (roll number 14071)

Location:
Drumgoosat, Co. Monaghan
Teacher:
T. Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0929, Page 220

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0929, Page 220

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Drumgossatt (B.)
  2. XML Page 220
  3. XML “Glaoch an Choiligh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ró luath san oidhche - a naoi nó a deich a chlog nó aon am roimh a h-aon. Má ghlaodhann sé go luath is comhaire é sin go bhfuil rud éigin le tuiteadh amach nó go bhfuil droch ádh le teacht.Tá sgéal ag na daoine mar gheall ar an rud seo. Nuair a bhí Naomh Padraig ag taistil tríd an tír tháinic sé go dtí an baile is giorra don pharóiste seo. Fuair sé lóistín oidhche ann. Ní rabh clog ar bith san teach agus dubhairt an bhean go nglaoidhfeadh sí air nuair a choisfeadh sí an choileach ag sgairteadh. Thug an bhean an coileach isteach agus chuir sí faoi bhosca é. Bhí eagla ar an choiligh agus níór sgairt sé ar chor ar bith. Bhí sé go mall ar maidin nuair a dhúisigh Naomh Pádraig. Bhí fearg mhór air mar bhí tiras mór le deanamh aige an lá sin. D'fhág sé a mhallacht ar gach coileach thart fá'n áit seo. Sin é an fáth go mbíonn eagla ar na daoine nuair nach sgairtigheann an coileach nuair is ceart dó. Ma ghlaoidheann cearc aon dona ar fad. Cuireann siad paidir roimh an mhí-ádh atá le teacht agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish