School: Drumgossatt (B.) (roll number 14071)

Location:
Drumgoosat, Co. Monaghan
Teacher:
T. Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0929, Page 222

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0929, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Drumgossatt (B.)
  2. XML Page 222
  3. XML “Glaoch an Choiligh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ortha an cóta a thionntú agus annsin bristear cumhacht na sigheóga. Na sigheóga a bhíos ag cur ar seachrán iad deirtear. Má gheibhtear crudh capall ar an bhóthar tugtar abhaile é agus cuirtear os cionn an dorais. Deirtear go gcuireann sé an deagh ádh ar an teach. Crudh asail an crudh is fearr le duine a fhaghail ar an bhóthar. Asal a bhí ag an Mhaighin Mhuire ar an turas úd go Betelain agus de bhrigh sin tá iontaobh acu as crudh an asail.
    Bean Ruadh. Má bhíonn fear ag dul go dtí an aonach nó an margadh agus bean ruadh a chasadh air ní bhíónn sé ag siúl le aon ádh an t-am sin nó an lá sin mar deirtear go gcuireann an bhean ruadh an mí-ádh ar dhuine ar bith a castar ortha ar maidin.
    Is gnáthach leis na daoine céilidhe a dhéanamh ins na tighthibh is giorra dóibh. Innisightear a lán sgéalta fá thaidhbhsí a chonnacthas is beag duine nach creideann go rabh taidhbhsí ann. Tá bóthar amháin agus deirtear go mbíonn fear dubh le feiceáil air idir a h-aon go dtí a dó a chlog. Ar bothar eile tá madadh mór dubh le feiceáil. Ar bhóthar eile tá fear gan ceann le feiceáil.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish