School: Cor Críochach
- Location:
- Corcreeghagh, Co. Monaghan
- Teacher: Ss. Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuaidh fear darbh ainm Réamonn go Conndae na Midhe agus ghoid sé tréad mór eallaigh: bhí sé féin agus giolla a bhí aige ag tiomaint an eallaigh thar lios Curraigh Bhreacáin nuair a labhair guth as an lios agus dubhairt sé:
"A Réamuin, 'Reamuin, íocfa' tú, íocfa' tú."
"Gá h-é íocfas?" arsa Réamon.
"Clann do chloinne"
"Cuma' sa dioabhal nuair a rachad sé a' fad sin" arsa Réamon 'tiomáin leat."
Tá lios Curraigh Bhreacáin i Machaire Cluana.- Collector
- Séamus Ó Muireadhaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Peadar Ó h-Ionnractaigh
- Gender
- Male
- Chuaidh beirt fhear chuig toigh oidhche amháin le gearrán a ghoid. D'fhan fear aca amuigh leis an ghoid a dhéanadh agus chuaidh an fear eile isteach le seanchas a choinneál suas le muintir an toigh agus le h-eolas a thabhairt do'n fhear amuigh goidé mar bhí gach rud istigh.
Bhí maistriughadh á dhéanamh ag muintir an toighe nuair a chaidh sé isteach. Rug sé ar an lointhín [?] mar is gnáthach do strainséar a dhéanamh agus thug sé a sheal ag an maistriughadh. An fhad is bhí sé d'á dheánamh seo thoisigh sé a gabhail ceoil agus ar an dóig seo thug(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Muireadhaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Peadar Ó h-Ionnrachtaigh
- Gender
- Male