School: Siolbhrain (Shelbourne) (roll number 5235 or 5484)

Location:
Gortrooskagh, Co. Kerry
Teacher:
Síghle, Bean Uí Thuama
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Siolbhrain (Shelbourne)
  2. XML Page 005
  3. XML “Dreoilín ó Chill na Fuinseoige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Súidh ar mo dhruim," arsan seabhach, féacaint go bhféadfainn eirighe go dtí an spéir. Do shuidh se ar a dhruim, agus d'eirigh an seabhach leis go dtí go dtáinig sé go hIndia Thiar. Do leig sé an mac ar an dtalamh, agus ar pointe baise deineadh fathach den bhfiolar. Tháinig a mháthair amach - sean-chailleach grándha a beadh í. Ní raibh ribe gruaige ar a ceann ná raibh trí troighe ar fhaid, agus bhí trí slata den iongna ar a méarannaibh. Rith sí go dí an mac, agus chuir sí trí céad míle fáilte roimis.
    D'iarr sí ar a mac cad é an saghas bháis a thabhairfeadh sí de'n bhfiolar. Marbhóchaimís ambáirach é, agus beidh cupán anabhruith againn i gcóir an t-súipéir. Beireadh air, caitheadh isteach sa tigh é, dúnadh an dorus, agus fanadh ann go dtí maidin imbáireach.
    Tugadh amach ar maidin é. Labhair an sean-chailleach leis, "Muna mbeadh caisleán déanta agat ar an gcarraigh seo anocht, beidh do cheann agam."
    Bhí cailín ó Éirinn sa tigh, agus thug sé rud le n-ithe dó, agus d'iarr sí air cad é an pionós a chuireadh air. Dubhairt sé caisleán do dhéanamh ar charraigh; agus nár bhféidir leis é dhéanamh
    "Ná bac san," arsan cailín. Tharraing sí amach casúr, bhuail sí ar an gcarraigh leis, is léim caisleán breágh suas.
    Tháinig an cailleach, agus nuair chonnaic sí a raibh déanta dubhairt sí go mbeadh rud eile le déanamh aige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Ceallacháin
    Gender
    Male
    Age
    73
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ashgrove, Co. Kerry