School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 182
- XML “An Bia a Bhí ag na Seandaoine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An biadh a bhíodh ag na seandaoine
1) Staimpí, baidhreán, cáidí -arán coirce- agus putóga fola.Chun staimpí a dhéanamh gheibhidís píosa nú cearnóg déanta de stán, chuiridís mórán puill de mheanaithe tríd, annsan gheibhidís prátaí móra agus dheinidís na prátaí a c[h]imilt i gcoinnibh na cearnóige agus annsan fháisgidís an stuif a bhíodh sa bhucaod chun an t-uisge a bhaint de.Chuiridís ladhar phlúir tríd agus dheinidís righin é chun go mbíodh sé ina thaos. Annsan chuiridís san mbácús é chun é a bhácáil.Seo píosa filidheachta mar gheall air:
"Do chuir Righ Gréige sgéalta go Lúndain
go dtiocfadh sé go hÉirinn go bhfeiceadh sé an iongnadh
go raibh a staimpí cake ann, le déanamh go flúirseach
Is go ró bhreágh an béile do bhlackanna dubha éRag a duddle al dom dom dom deedle dom dum
Rag a duddle al dom dom staimpí cake air.Bhí beirt ghá fásgadh, triúr ghá scríobadh
bean na súl ndearg á tarrac tríd an
[n]gríosaighRag --- air"(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Milleens, Co. Kerry