School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 194
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Piseoga40. Duine ag dul amugha thiocfadh sé ar an mbóthar ndíreach ach a chasóg do chasadh taobh istigh amuigh.41. Nuair fhaghann ainmhidhe bás leis an "black leg" is ceart cos an bheithidhigh do chur ar an tsimné.42. Nach ceart snáth dubh do chur in aon phíosa éadaigh i gcóir na marbh.43. Leigheas le haghaidh teinneas fiacal - do ghruaig do nígheadh agus do chíoradh Dia Sathairn ach gan é do dhéanamh Dia Domhnaigh.44. Nach ceart dul idir éadaigh[e] á dtiormúghadh ós comhair na teineadh.45. Nuair [a] chailleann páisde fiacal tiocfaidh sé airís ach an fhiacal a chaitheamh siar thar a cheann agus "In ainm an athar agus araile" do rádh.46. Rud mí-adhmharach - Cearc a[g] síor ghlaodh [a] bheith ag duine.47. Gan bheith ag láimhseáil leis an gcroich ar eagla go mbeitheá ag nigheadh léine an diabhail.(continues on next page)
- Informant
- Pádraig O Suilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Milleens, Co. Kerry