School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 202
- XML “Seanteampall”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-teampuill. Ó Phádraig Ó Súilleabháin, Milíní.Sean[a]-shéipéal i nGairidh Mhór.
Teampall Fiachna i[s]n[a] Garráin (Béarla: Garranes).Tá faill an tséipéil i nGaortha Buidhe.
Deirtear go dtéigheadh muinntir na háite (Eirnín, Na Garráin, Cúimín) isteach ann dá mbeadh eagla ortha bheith déidheanach i gcóir an aifrinn. Deirtear go bhfuil Teampall Fiachna ar cheann desna teampaill is ársa in Éirinn.Marbhughadh an tasagairt in Innis Faill:
Sa tseana-shéipéal i nGairidh Mhór deintí an t-aifreann do rádh sara dtógadh an tséipéal(!) atá i Milíní fé láthair.
Domhnach áirighthe i mí na Nodlag bhí an t-aifreann ráidhte sa tséipéal i nGairidh Mhór. Bhí éide an t-aifrinn(!) á cur sa mhála canafais mar bhí ar an sagart dul thar Chnoc na hEasga - cnoc idir Gleann Garbh agus an Bunán agus an dara aifreann a thabhairt uaidh gach Domhnach agus b'é sin fáth na rudaí (lámh chuibhreach, cochall aifrinn, crios agus línéadaighe na haltóra) do chur sa mhála.(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Milleens, Co. Kerry