School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus dob' é obair na bhfeirmeoirí gach oidhche roinnt aitinn do ghearradh le haghaidh na n-ainmhidhthe (h- sa lámhscíbhinn). Pé buachaill nú fear a thagadh isteach chun seanchaidheachta do chaitheamh bhíodh air seal a thabhairt ar an
rá[mha]in i dtreo is go mbeidh na deiligní brúighte agus bog leis.Solas agus obairNí raibh aon solas aca acht an buaiceas, stráilleog, coinneal mhúnla, nú geataire giumhaise. Bhíodh buachaill nú cailín á gcoimeád an fhaid is do bhíodh an obair ar siubhal. Tímcheall triochad blian ó shoin dheinidís na coinnle múnla. Bhí fuirm ("mould) coinnle déanta de stán aca, chuiridís trí cinn aca ina seasamh ar stáitseán agus snáithín mar buaiceas tré gach ceann aca. Nuair [a] mharuídís bó, choinnighidís an gheir. Dheinidís é do leaghadh agus líonaidís an "mould" leis agus fágaidís (fagadaís sa lámhscríbhinn) ann é go dtí go mbíodh sé cruaidh.
Bhíodh na mná ag sníomh, cárdáil nú ag tarrac lín. Pé duine go raibh roinnt caorach aige bhíodh crann-dealúghadh (=crann dealbha) sa tigh aige. Fráma adhmaid ab' eadh é - pionnaí adhmaid innti agus nuair [a] bhíodh an tsnáth tochraiste i gceartlíní cruinne cruadha dheinidís é do chasadh ar an gcrann dealúghadh féuch cá mhéid beannlámha (=bannlámha) a bheadh aca. Chonnaic mé ceann aca go minic. Ó Phádraig Ó Súilleabháin, Milíní, Bunán.- Informant
- Pádraig O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Milleens, Co. Kerry