School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 237

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 237

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 237
  3. XML “Obair na nDaoine Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bpoll agus thuiteadh píosaí beaga den bpráta agus an t-uisce i mias éigin. Annsan dheinidís an brus agus uisce d'fháisceadh le lín éadach, d'fhágadh siad an t-uisce in aon mhias agus tar éis tamaill théidheadh stuif bán chun suaimhnis ar thóin na méise agus as an rud san dheinidís stáirse. Sa tslíghe chéadna dheinidís "steaimpí" fadó acht choinnídís brus na bprátaí. Chuiridís grán phlúir tríd, dheinidís righin é go dtí go mbíodh sé bácáltha. Is minic d'itheas (do itheas sa lámhscríbhinn) agus samhluighim gur biadh folláin é leis. Dob'é béas na ndaoine fadó é do dhéanamh go minic agus tar éis prátaí do bhaint bhailigheadh na daoine in aon tigh chun cistí "steaimpí" do dhéanamh. Ní raibh an tae in úsáid an uair sin agus dob'é an bainne a hóltaí (n-óltaí sa lámhscríbhinn) leis an "steaimpí". D'airigheas fear a rádh gurbh é "steaimpí" a bhíodh aige chun breacfeásta agus é ina gharsún ag dul ar scoil - go scoil Ghort na Binní i mBunán agus tá an fear ina bheathaidh fós.
    Ó Phádraig Ó Súilleabháin, aois 65 bl., fear an phuist, Milíní, Bunán.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Fear poist
    Address
    Milleens, Co. Kerry