School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 245
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Drochghoile: - Phiocaidís crabaí (?) glasa agus chuiridís isteach i gcrúiscín mór iad agus bláthach measctha leo. Chuiridís fén gcré an crúiscín go ceann coicthíse agus thógaidís amach é agus óladh siad an bhláthach agus pé súghlach a thagadh as na crabaí trí uaire sa ló.
Ní raibh puinn trácht ar dhochtúiríbh an uair sin, acht bhí fear darbh ainm Ó Loingsigh i nGleann Garbh suas le ceithre fichid blian ó shoin, fear nár chaith puinn dá shaoghal ar scoil agus chuige sin théidheadh na daoine breoite ó Bhunán ar lorg leigheasanna. An fear céadna a thug leigheas na gcrabaí d'fhear a bhí ina chómhnuidhe annso. Bhí sé go dona in aois a dhachad blian agus pé maitheas d'imir an leigheas air bhí sláinte an bhradáin aige as san amach.Slaghdán: - 'S é an leigheas a bhí ag na seandaoine ná leamhnacht a bheiriúghadh agus piobar a gus goblach ime a chur tríd agus an deoch d'ól tréis dul isteach sa leabaidh.Ó Phádraig Ó Súilleabháin (aois 65 bl.), fear an phoist, Milíní, Bunán.- Informant
- Pádraig O Suilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Milleens, Co. Kerry