School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 275
- XML “An Chuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cheannach. Ar bharraí a gceann [a] bheireadh na mná go dtí an margadh í, acht ar ratharaibh a tugtar ann anois í, mar níl an oiread bainne ag na buaibh fé láthair is [a] bhíodh aca dachad blin ó shoin, agus ní raibh aon trácht ar an "permanent wave" ag na mnáibh nuair [a] bhíos im gharsín i mBunán. Thugadh cuid desna daoinibh a gcuid ime go Beanntraighe thar "Léim an tSagairt" agus bheiridís earraí abhaile leo as an mbaile.
Thugaidís an bhláthach dos na mucaibh agus na gamhnaibh agus [d']ólaidís féin í chomh maith. Do bhí an bhláthach a bhíodh mar annlan aca leis na prátaibh agus leite de gnnáth, agus dá mbeadh slaghdán ar dhuine, dheinidís "meadhg dhá bhainne" agus thugaidís an meadhg dó mar leigheas. Agus nuair [a] bhíodh sál tinn ar dhuine, dheinidís ceirídhe de phrátaí plúracha rósta agus bláthach tríotha agus chuiridís leis é mar leigheas leis.Ó na seandaoine d'airigheas é.