School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 284
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fadó. Níl ins na háiteannaibh sin fé láthair acht fionnán, seisc, fraoch, luachair is aiteann gaelach. Deirtear go bhfuair áitreabhaigh (áitreabhaighte sa lámhscríbhinn) na dtighthe bás leis an ngorta i mbliain 1847 agus nuair [a] tháinig an phláigh orrtha agus an bás leis do leag na daoine na tighthe orrtha nuair ná raibh éinne le fághail chun iad d'adhlacadh i dTeampall Fiachna.Ní fheadar cad 'na thaobh gur baisteadh an ainm sin ar an áit. Dubhairt duine léigheanta liom go raibh an bonnán (bunán sa lámhscríbhinn) buidhe le fághail ann acht níl aon deallramh leis sin mar ní fhacathas riamh san bparóiste é - an t-éan céadna. 'S é mo thuairim gur ionnan Bonán both agus fionnán = bothfhionnán.Dachad blian ó shoin bhí tighthe beaga ann, scrathacha is tuighe mar díon orrtha acht tuairim le fiche tigh gur (go raibh sa lámhscríbhinn) slinn a gclúdach. Ba ghnáthach le na daoine tighthe na hainmhidhthe do dhéanamh i ngiorracht péirse nú mar sin ón dtigh cómhnuidhthe acht níos minicíghe bhíodar ceangailte leis. Do chonnacas tigh ina raibh dhá chlainn ann, naonabhar ins gach clainn(continues on next page)