School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 297
- XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mór a dhóthain chun fanacht ar cheann gach duine. Cheangalaimís píosaí eile don luachair leis an bhfáinne agus chuirimís bior ar a bharr - bhíodh an caipín mar seo: - (pictiúirín sa lámhscríbhinn) Annsan dheinimís maide teann, láidir de luachair agus bhíodh luachair ina thimpeall leis agus córda ag a bhun agus a bharr. Bhíodh fuireann saighdiúirí i gcoinnibh foirne eile agus leanadh an pléascadh go dtí go mbíodh gach brobh luachra ar an dtalamh agus chaitheadh an dream a chaill a maidí [a] ghéilleadh nú [a] thabhairt suas gan mhoill.GunnaíDheinimís gunnaí den chrann truim i rith an Gheimhridh, bheirimís go dtí an scoil iad agus bhímís ag lámhach leo san ionad súgartha gach lá nach mór. 'S é an púdar a bhíodh againn ná blúiríní beaga de pháipéar a bhíodh measctha le seilídhe inár mbéalaibh agus cogainte go hana-mhion ar fad.Cliabháin éinDheinimís cliabháin éin sa Gheimhreadh leis. Dheinimís an fráma ar dtúis de adhmad agus cheangalamaois córda as gach cúinne den bhfráma agus an córda ag dul treasna-sgeothach go dtí an chúinne eile. Chuirimís slata sailighe treasna i bhfuirm(continues on next page)