School: Kenmare (B.) (roll number 2849)
- Location:
- Kenmare, Co. Kerry
- Teachers: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kenmare (B.)
- XML Page 501
- XML “Triúr Mic na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Fuair sé é agus seo abhaile iad. Nuair a bhí an buachaill agus an cailín aimsire a crúdh na mbó lá ina dhiaidh sin thóg an garsún amach an net óir. Bhí an maighistreás a faire ortha. "Nách deas an rud é sin?" ar seisean léi, agus é á árdú ina láimh. "An ndíolfá é?" ars an cailín. "O, ní dhíolfainn" ar seisean. Bhuail sé isteach ina phóca arís é. Nuair a bhí na ba crúidhte agus an cailín imthighthe tháinig an máighistreás isteach. "Cá bhfuairis mo net óir?" ar sí "An amhlaidh a ghoidis om fhear é?" "Is cuma" ars an buachaill "rugas uaidh é pé sgéal é." "Tabharfad dhá cheud púnt duit air" ar sí "Ní tabharfain [?] ná ar cúig ceud púnt" ars an buachaill. "Sin net óir a fuaras óm mháthair" ar sí "agus tabharfaidh mé aon nídh duit air". "Más mar sin é" ars an buachaill "ní maith liom é choimeád uait ach ní bhfuighir é ar aon airgead" "Agus cad thabarfain [?] duit air?" ar sí. "Tabhair póg domh-sa sa sgioból maidin imbáireach agus gheobhair é" ar sé. Bhí sí sásta.
Bhain an buachaill an fear amach. "Ceannóchad an net óir" ars an máighistir(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó hEaluighthe
- Gender
- Male
- Address
- Dawros, Co. Kerry