Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 501
- XML “Triúr Mic na Baintrí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fuair sé é agus seo abhaile iad. Nuair a bhí an buachaill agus an cailín aimsire a crúdh na mbó lá ina dhiaidh sin thóg an garsún amach an net óir. Bhí an maighistreás a faire ortha. "Nách deas an rud é sin?" ar seisean léi, agus é á árdú ina láimh. "An ndíolfá é?" ars an cailín. "O, ní dhíolfainn" ar seisean. Bhuail sé isteach ina phóca arís é. Nuair a bhí na ba crúidhte agus an cailín imthighthe tháinig an máighistreás isteach. "Cá bhfuairis mo net óir?" ar sí "An amhlaidh a ghoidis om fhear é?" "Is cuma" ars an buachaill "rugas uaidh é pé sgéal é." "Tabharfad dhá cheud púnt duit air" ar sí "Ní tabharfain [?] ná ar cúig ceud púnt" ars an buachaill. "Sin net óir a fuaras óm mháthair" ar sí "agus tabharfaidh mé aon nídh duit air". "Más mar sin é" ars an buachaill "ní maith liom é choimeád uait ach ní bhfuighir é ar aon airgead" "Agus cad thabarfain [?] duit air?" ar sí. "Tabhair póg domh-sa sa sgioból maidin imbáireach agus gheobhair é" ar sé. Bhí sí sásta.
Bhain an buachaill an fear amach. "Ceannóchad an net óir" ars an máighistir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Damhros, Co. Chiarraí