School: An Chathair (roll number 5119)
- Location:
- Caher West, Co. Kerry
- Teacher: Séamus Ó Tuathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Chathair
- XML Page 575
- XML “Insín na nÁr”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sa t-sean aimsir ní raibh na paróistí i gCiarraidhe mar atá said anois. San aimsir sin bhí an séipéal i Neidín ar an dtaobh theas de'n Ruachtach, ar an áit in a bhfuil an reilig fé láthair agus bhí tig an t-sagairt tógtha i n-aice leis.Oidhche amháin do chuaidh an sagart súas go Fiachna cun an Ola Dhéanach do chur ar dhuine breóidhte ann. Nuair a bhí sé ag teacht thar nais d'fhág sé a phortús in a dhiaidh. Ar maidin lá ar na mháirneach d'iarr sé ar a chailín aimsire dul súas go Fiachna agus an portús a bhreith thar nais chuige. Bhí breacadh an lae ann agus í ag dul. Nuair a bhí sí tamall ag siubhal do chualadh sí glór éigin isteach sa pháirc. Do chuaidh sí isteach mar cailín mhisnig do b'eadh í, agus cad do chonnaich sé acht alán corp agus iad scapaighthe mór timcheall na páirce. Bhíodar go léir marbhacht acht (?) fear amháin agus bhí sé ag fághail bhais. Do labhair sé léi agus d'iarr sé uirthe a bhróg do bhaint de agus deoch uisce a thabhairt dó innte. Nuair a bhí an deoch ólta aige dubhairt sé léi gur tháinig ochtmhar fear ó'n Scairt i n-aiche Beanntraighe agus thógadar creach ó bórd Eoighinín, agus chuaidh sé féin agus seacht(continues on next page)
- Informant
- Mairéad Bean Uí Tuathig
- Gender
- Female
- Age
- 72
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Gortalassa, Co. Kerry