School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mná é do théighidís o thigh go tig ag sníomh an lín agus do bhídís ag sníomh go dtí an dá úair-deagh nó uaireanta go dtí glaodh an choiligh. Do bhíodh triúr nó ceathrar ag sníomh le na chéile agus do bhídís ag cainnt le na chéile chun an oidhche a chaitheamh. Núair a bhíodh sé snidte aca do dheinidís staimpí dóibh féin.
Gobhnait Ní Shéaghdha
Doirenéadain
Máistir Gaoithe - Lucht SiubhailFadó do bhíodh mórán lucht siubhail ag gabhail tímcheall na h-áite seo fadó acht tá dream beag ann anois leis. Do réir mar a n-aithnígheann siad an áit bíonn siad ag teacht níos minicí agus aithnígheann siad na daoíne go mbíonn an fáilte rómpa acha agus is ins na tighe seo is mó a chuireann siad fútha ann. Do bhíodh níos mó sgéalta breaghtha ag na daoíne a bhí ann fadó acht mar sin féin tá cuid mhaith acha anois leis.
Do bhí fear mór láidir agus do bhí sé ana glan do bhíodh sé ag gábhail tímcheall na h-áite seo cúpla bliain ó shoin. Díarmuidín Máighistir a thugadh na daoíne air. Do bhíodh mála mór agus é lán de sheana ghleas capaill agus de sheana bhuicéidí air a dhrom aige chun pianós a chur air féin. Do thugadh na daoíne scannradh go minic do agus do bhí sé ana símplidhe tamall sar a fúair sé bás.(continues on next page)- Collector
- Gobnait Ní Shéaghdha
- Gender
- Female
- Address
- Doire an Éadain, Co. Kerry