School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cathair Samháin
- XML Page 390
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-FhocailTá mórán sean-fhocal ag na daoíne timcheall na h-áite seo, go mór mór ag na sean-daoíne. Fuaireas an méid seo o sean-fhear atá na chómhnaidhe san áit seo.
Briseann an dúthchas tré shúilibh an chait.
Is maith an t-iomanaidhe an té a bhíonn ar an gclaidhe.
Síoda ar Shiobhán is preabán ar a h-athair.
Mol an óige agus tiocfaidh sí..
Is fearr focal sa cúirt ná púnt sa sparán.
Is fearr féachaint romhat ná dhá fhéachaint id dhiadh.
Beireann búan búadh.
Ní féidr leis an ngobadán dhá thráigh do fhreastal.
Ná dein reacht is ná bris reacht.
Is maith an nídhe an óige an té a chuirfeadh i ar fóghnamh.
Ní bhíonn an rath ach fé mar a bhíonn an smacht.
Mair a chapall agus gheobhair féar.
Gheibheann an capall bás an fhaid a bhíodh an féar ag fás.
Is fearr bean ná spré.
Ní féidir ceann críonna a chur ar cholann óig.
Ní h-é lá na gaoithe lá sgolbh.
An rud a scríobhann an púca léigheann sé féin é.
Is olc an gaoth ná séideann do dhuine éigin.(continues on next page)- Collector
- Máirín Ní Chonaill
- Gender
- Female
- Address
- Ochtaibh, Co. Kerry
- Informant
- Siobhán Uí Chonaill
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female