School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gan sgamall á clúdach go mbeadh lá bréagh ‘na dhiaigh. Má bhíonn an spéir gorm lá Geimhridh nó aon lá ní bhíonn aon deabhadh ar na daoíne le na gcuid oibre mar bhíonn fhios aca gur aimsir bhreágh a bhíonn ag teacht. Rud eile má bhíonn an gaoth ag séideadh anoir deirtear go mbíonn aimsir crúaidh tirim chúghainn.Máirín Ní Chonaill
Ochtaibh,
An Choirreán - Bhí fear ag dul go dtí an aonach oidhche amháin le bhó. Do chúadih sé a chodhladh ar feadh cúpla uair a chluig. Núair a bhí sé a h-aon a chlog d’eirig a bhean agus fúair sí an breacfeast do. Annsan d’eirig sé féin agus chuir sé ceangail ar an mbuin.
Dubhairt a bhean leis gan dul go dtí go nglaodhaig an coileach. Istig sa tig a bhíodh na cearcha an úair sin. Fúair an fear seo maide mór fhada agus leag sé an coileach anuas ar an úrlár. Annsan do ghlaodhaig an coileach agus dúbhairt sé go mbeadh sé ag imeacht. Ní raibh sé acht leath úair taréis a dhó san oidhche an úair sin.
Núair a bhí sé píosa ón dtig do chúalaid sé a bhean ag glaodhaidh air. Dúbhairt sí leis gan teacht isteach san tig chúici féin gan an bhó do dhíol ar deich bpúnt. D’imthigh sé leis agus é ag cainnt leis féin. Núair(continues on next page)- Collector
- Gobnait Ní Shéaghdha
- Gender
- Female
- Address
- Doire an Éadain, Co. Kerry
- Informant
- Padruig Ó Séaghdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Doire an Éadain, Co. Kerry