Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Múinteoir: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cathair Samháin
- XML Leathanach 384
- XML “Galair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- GalairIs mó sórt galair a thagadh ar na daoíne fadó. Cuidh acha agus nách fiú biorán iadh agus galair eile nách aon maith don t-sláinte iadh. Fé mar a deir an sean-fhocal “Níl aon galar nách bhfuil a leigheas féin dó.” Ach más eadh is fearr aireachas maith a thabhairt don t-sláinte sar a dtagfhadh an breóidteacht ar dhuine. Is annamh a bhíonn galair ar aoinne a thugann aire mhaith dá shláinte.
Níl aon breóidteacht is coitchianta ar an nduine ná an slaghdán, agus is é an neamh-aireachas is mó fé ndeara é. Má bhíonn duine amuigh fé’n mbáisteach agus go fliuchmhar a cuidh éaduig agus ná dheineann sé iadh a bhaint de taréis teacht isteach dó.
An té a gheibheann fúacht ón bhfliuchras tagann na dathacha air agus bíonn sé ina crúnca acha mar a bheadh sean-duine críona caithte. Núair a bhíonn slaghdán trom ar duine bfearra do fanamhaint sa leabhaidh agus bláithche te d’ól.
Tá galar eile ann agus is ar leanbhaí a thagann siad, mar atá an triuch, bruichtíneach agus an plucamas. Tá annbuithe na luice ana mhaith i gcóir an triuch agus is é sin an gnáth leigheas a bhíodh ag na sean-daoíne fadó. Leigheas eile a bhíodh acha i gcóir an triuch ná liomóidí a bheiriúghadh agus an t-uisge a d’ól ana the ar fadh.
Tá galar eile ann ar a dtughtar eachmuid ar agus leighseann an seachmhadh mach de clainn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig Ó Curdáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ochtaibh, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Curdháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ochtaibh, Co. Kerry