School: Waterville (C.) (roll number 16015)
- Location:
- Waterville, Co. Kerry
- Teacher: Helen O' Sullivan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ná bí ró-dhian uirthi. Ná feiceann tú go bhfuilid tar éis an fháinne cheannach. Is maith an comhartha é sin. Go mairid do’n chéad, pé sgéal é, fé mhaise is fé shláinte, fé ghreann Dé agus na gCómhursan. Seadh, a dhaoine mhuinnteardha, ní gábhadh dham a rádh is dócha, go bhfuil na mílte fáilte roimh gach éinne ag teacht isteach im’ chabán-sa. Gheobha’ sibh earraidhe do gach éin-tsórd annso. Pící agus corráin, sluaiste agus sleagháin. Builg is sgeana agus grafán; ráisiúrí agus meanaithí is píopaí is maisteanna.
Druididh isteach, a cháirde.
Saor! Saor! Gach uile nídh saor! Trumpaí ceóil, búclaí bróg agus laincisí bí; geócaigh gabhar, ringí muc agus tromáin túirinn.
Tealla gáirtéirí, spuir ó’n gCeatharlach; Bioráin agus pion-cuiseanna agus gach éin-nídh sa h-ard-bhaor ó’n tsnáthaid go dtí ancúir is iad go léir ar fagháil ar an bpinginn is lugha.
Bandaí ó’n mbarraileóna raghaidh fé trí threise agus do sheasmhacht ionnta go dtarraingeóidís tarbh tána go dtí na mhainséar nó long laidir isteach chum cuain.
Agus mura gcreideann sibh uaim é déineadh féin a dtoghadh agus a bhfromadh.
Cuireadh agus cáirde! Leath airgead i láimh agus cáirde go Nodlaig chum an leath eile dhe.(continues on next page)