School: Waterville (C.) (roll number 16015)
- Location:
- Waterville, Co. Kerry
- Teacher: Helen O' Sullivan
![The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 177](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0475%2FCBES_0475_177.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 177
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Waterville (C.)
- XML Page 177
- XML “Seán na gCeirteacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nach deas an tslighe mhaireamhna í sin do dhuine bhocht shimplidhe spad-chosach go raibh na mílte donas air riamh ó’n gcéad lá tháinig ar an saoghal. Acht bheirim-se do’n dhonas gach donas díobh. Bíodh an greann againn an fhaid do bhéam ann.
Déinidh soláthar do Sheaghán bhocht. Bailighidh na sean-chirteacha agus na sean-bhuill éadaigh. Bailighidh na cnámha ó indé agus ná dearmhadhaidh na buidéil.
San chuireadh fial agam dá thabhairt do Mhuinntir na sráide seo. Chuireadh gan doicheall gan dobhracht. Chuireadh do sna mnáibh go bhfuil méaracáin in easnamh ortha; chuireadh do sna cailínibh óga go bhfuil biorán ghruaighe ag teastáil uatha; chuireadh do sna páistibh gurab aoibhinn leó blas an misleáin. Is agam-sa atá togha gach margaid'. Is mear do cheannuighim agus is tapaidh dhíolaim. Tá fonn ceannuigh indiu orm. Bailighidh! Bailighidh!
Mhuise, Dé bhúr mbeatha-sa go léir chugham, a chlann óg mo chroidhe; Is é is biadh agus deoch agus dá n-abhrainn codladh na h-oidhche dham, sibh do fheicsint fém’ dhéin. Ba ró-shuarach a bhféadfainn a dhéanamh in éagmuis bhur gcongnaimh-se. Sorn tusa, a Phaidín bhig óig? Acht adhe: Andaghdha, is tú atá ag fás go miorbhúilteach. Chionnus tá do shean-athair a gharsúin? Mhuise, Dia leis an tsean-aimsir. Ba mhaith an sás arbhar do bhaint é. Ní raibh éinne(continues on next page)