School: Waterville (C.) (roll number 16015)

Location:
Waterville, Co. Kerry
Teacher:
Helen O' Sullivan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 179

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 179

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Waterville (C.)
  2. XML Page 179
  3. XML “Seán na gCeirteacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Cogar a Shíle, an raibh éan eachrann ar siubhal insan tsráid seo aréir? Ná raibh? Seo dhíbh na misleáin. Cuiridh-se bhur laghracha le chéile. Seadh, bailighidh libh anois, ní mór ná go bhfuil mo chuid misleáin ar fad sgiobtha agaibh.
    Fághaidh an tslighe annsan thuas agus leigidh isteach an cailín óg. Dia’s Muire dhuit, a Pheigín. Dar fiadh, is tú atá ag féachaint go h-áluinn, Bail ó Dhia ort. Ach, leig dham fhéin anois. Tá dath an róis it’ leachain agus an lasadh it’ shúilibh. A ighnean ó. Mura mbéadh go bhfuil an aois óg ag druidim liom, ní abraim ná go mbéinn féin ag tuitim in grádh leat. Ní h-éan–phlámás in aon chor é, im’ bhaiste, acht corp-lár na fírinne. Is dócha go bhfuil biorán nó dhó ag teastáil uait chum na gruaige breagha finne sin agat do choimeád suas. Seadh agus mhéarachán leis? Dar ndóigh, bheadh an iomarca insan méid sin acht tiubhradh an méarcán duit agus fanadh do ghruaig ar tuitim agus is dóigh liom gur mar sin is fearr dí. Sin é agat anois é. Slán beó leat agus sonnuachar chughat.
    Bailighidh suas! Bailighidh suas! Bailighidh na sean-chirteacha! Cuarduighidh: Cuarduighidh arís agus arís eile: Ní ghlacfad a thuilleadh buidéal go dtí an Aoine. Níl slighe agam dóibh. Cuirfead isteach im’ mhála an méid sin dhíobh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    2. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish