School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 039
- XML “Comharthaí Aimsire”
- XML “Comharthaí Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair bhíonn an aimsear breágh cúghainn bíonn an ghrían go beag, dearg, geal. Bíonn cómhradh ar an ngealaigh leis, agus bíonn babhaisíní air. Nuair a bhíonn fearthainn chúghainn bíonn na réiltíní cómh geal le spré theine nuair a bhíonn sneachtadh léath chúghainn. Bíonn an fhairrge go garbh is na tonnta ag éirighe go ládair is na seagaí ag rith leis an seannradh go dtí gach pluais. Bíonn na faoláin ag siubhal ar na bántaibh nuair bíonn an fearthainn cúghainn. Bíonn na íascairí ag eiteal ó áit go h-áit is íad ag gagalach le na cheile cómhradh iseadh é sin go bhfuil droch aimsear cúghainn. Cómhrradh eile ní fhéachann an Daingean ach leath mhíle úainn cómhradh ieadh é go bhfuil droch aimsear chúghainn. Rud eile nuair a bhíonn an ghrían ag éiríghe ar maidin is an taobh shíos de'n ghrían cómh geal le caor is nuair a eirígheann an dearg san, cómhradh iseadh é go bhfuil droch aimsear cúghainn.
- Tá níos mó cómhraí droich aimsire ann ná cómhraí deagh aimsire. Bíonn an madra ag ithe an fhéar ghla(i)s. Bíonn an cat in aice na teine agus é ag nígh a aghaidh le na lapaí. Bíonn na faoileána ós cionn talaimh. Bíonn an t-iasc ag pileáil, bíonn na scamaill san spéir briste agus dubh agus bíonn ceó bán ar barr an chnuic.(continues on next page)
- Collector
- Tomás Ó Seaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Gleensk, Co. Kerry
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Seaghdha
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- Gleensk, Co. Kerry