School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 043
- XML “Longbhriseadh”
- XML “Donchadha Ciotach Ó Móráin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sin droch chómhra. Núair a bhíonn an síghle roga ag glúaiseacht i dtreóir siar, deagh cómhra é sin, ach má bheidh sé ag dul thíar beidh fliuchras mór agus báisteac trom againn ar feadh i bhfad. Is minic, minic a bíonn na feirmeóirí ag cnámhseail mar gheall ar an aimsear ac "Mara mbeidh sé tirim, fliuc is fearr é
- Fear láthmhar, láidir, tréan óg dob eadh an fear seo do mhair i gCappamhóir ós cíonn céad bliadhan ó shoin anois. Gaiscidheach dob eadh é ní raibh aon fhear eile ar fuaid na dúthaighe seo dféadfadh seasamh na choinne in aon sórt lúth-cleas. Lá go raibh Donchadha ag dul go Corcaigh le h-úalach ime agus é ag déanamh ó dheas cun Mághcroma do cuala sé bean ag scréachaigh agus ag béicigh go h-árd. Stad sé a chapall do léim sé anuas don ualach agus cuaidh fé na déin. Nuair tháinig sé i láthair cad a bhí ann ach scaoinse d'fir mhóir laídir agus greim aige ar mhaighdean aluinn óg, le h-aigne droch úsáid éigin do thabhairt uirthi.
"Bog di a bhitheamhnaigh" arsa Doncadha,
"Ní dhéanfad a bhodhaire" arsan fear eile agus do bhagair sé a bhata le Donchadha,
"Mara dheánfair" arsa Donchadha "Tóg" agus do bhain sé fothrom as plaosg an fhir leis an gceád(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Pártolán Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Kells, Co. Kerry