School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 052
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Míchéal an naomhóg agus an bheirt eile slán isteach ar an dtráig. Annsan bhíodar ag guidhe agus ag moladh Mhichíl agus cuaidh sé tímceall na h-áite mar gheall air an gníomh gaisceamhail a dhein sé agus bhí clú agus cáil air ó shoin mar gheall air an obair a dhein sé. Deirtear na rabhadar acht sa bhaile nuair a ciuinig an stoirm."Is mairg a báidhte le líon anaithe mar tagann an ghrían in dhíaidh na fearanna"
- Is mó dhuine san t-saoghal seo a dhein gníomh gaisceamhail agus maireann a gcáil fós agus rian a gcuid oibre "maireann an gcrann san sliabh ach ní maireann an lámh a chuir."Do bhí daoine láidre, neamh eaghlacha tímcheall na h-áite seo leis. Do bhí duine díobh i Gleann Bheithe a d'fág a thig féin agus do cuaidh sé amach ag troid leis na Americánaig i gcoinibh na philipínigh. Saighdiúir cródha dob eadh é ní raibh eagla air dul amach ag troid ar dtúis gan bheith oilte i gcúrsaí chogaidh ach taréis tamaill bé an saighdiúir a bfearr a bhí ann agus do leath a cháil in gach áit in America.Nuair a tháinig sé abhaile cloistear trácht air ainm Séan O Digín ó gach áird de Chiarraidhe agus do dheineadh amhrán bhréagh ar a shon agus do thugadh an "Saighdiúir Calma"(continues on next page)
- Collector
- Bríd Ní Mhuircheartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Bríd Bean Uí Mhuircheartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Kells, Co. Kerry