School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 084

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 084

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 084
  3. XML “Penal Days”
  4. XML “Péindlíthe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Ba mhór an t-anródh a bhíodh ag na daoine fadó tímcheall aimsear na bpéin dlíghthe sin trí céad bliadhain ó shoin geall leis agus bé Sasana fé ndeara é go leír. Do cuireadh na sagairt is na h-easboig cun baís íad go leír ach ceann aca i ngach paróiste. Dá bhrígh sin is amuigh fén dtuaith a léighidís an Aifreann. Tá cnoc cuibheasach árd síar ins na Ródaibh, áit a faightear móin anois agus uair amháin san droch shaoghail do bhí sagart ann agus san áit sin do léigh sé an t-Aifreann. Ar barr an chnuic a bhí sé in aice Cros an Canóin agus glaodhtar Sagart ar an áit ó shoin. Tá cloch ann agus bé sin an altóir agus cloch eile mar cleíreach agus cloch mór mar sagart, tugtar Cléireach air leis. Tá faill mór eile i gCúm na Cróineach ó thuaidh ó Gleann Beithe agus do léim sagart thar faille ann agus tá rian a chos ar an gcloich, ag rith ós na saighdiúirí a bhí sé. Bhí fear eile ann agus do chaith na saighdiúirí é isteach san dteine agus bí paidrín ar a mhinéal agus an párt na raibh an paidrín níor dhóghadh é in aon chor agus d'iompuig na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.