School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 114
- XML “Liosanna”
- XML “Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(-)
- Tá alán liosanna mór-tímcheall na h-áite. Tá dhá ceann aca ins na Ródaibh i talamh na Súilleabhánaig. Bhí fear ann darbh ainm Tadhg Ó Cobhthubhaigh agus do cúaidh sé ag rómhar na páirce. Fúair sé rásúr, scáthán, túbháile, dubh is peann agus morán rudaí eile. Seadh bhí san go maith do cúaidh sé a chodladh an oidhche sin is níor eirig sé riamh arís an fear bocht. Eóin a tugtar ortha annso. Tá ceann súas i gConacáin-O-Fholugha; Eóin a tugtar ar é sin leis. Bhí buacaill darbh ainm Mícheál Ó Conaill. Do cuaidh sé síos san lios. Do chuaidh sé ró-fhada sios. Bhí straigre ag dul síos i bhfuirm cruinn. Níorbh fhéidir leis teacht aníos in aon chor. Bhí sé ann ar feadh dhá lá agus dá oidhche. Bhí sé ag dul i laige leis an ocras; sin é an fáth ná raibh sé abálta teacht aníos. Bhí a mhuinntir ag cuardach na h-áite d'féacaint a bfaghaidís é. Pé slighe do chuaidh na daoine aosta fé dhéin an liosacáin agus bhíodar ag glaodach cómh h-árd is a bhféidir leó. Do cualadh sé íad acht ní raibh sé abálta cun freagradh a tabhairt dóibh. Sa deireadh síar thall do tháinig sé súas slíghe eigin agus ní mhair sé seacht lá na dhiaidh sin. Tá ceann ag dul(continues on next page)
- Collector
- Tomás Ó Mhuircheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ó Mórán
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Roads, Co. Kerry