School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 033
- XML “Scéal - An Gréasaí agus na Sióga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)eirigheadh sé ar maidin gheibhead sé na bróga ar an mbórd. Oidhche amáin lasadar solas agus dfhanad ar na suidhe inaice na teine. Nuair a bhuail sé a dó dhéag a chlog tháinigh beirt sídheógh isteach léimeadar anáirde ar an mbórd agus chromadar ag obair. Nuair a bhí an leathar ídíghthe agus na bróga déanta acu dimthigheadar amach agus ní raibh am ag an gréasaidhe a bhuidheacas a gabháil leó. Annsan shochruigh an gréasaidhe agus a bhean gur ceart dóibh chulaith éadaigh a déanamh. Dhein a bhean stocaí as an olainn a bhfearr agus léinteacha as an lín-éadach a bhfearr a fhéadhfhadh sí dfágháil. Dhein an gréasaidhe brístí, casóigíní, agus caipíní as leathar bhog. Nuair a tháinigh na sídheógha an chéad uair eile fuaireadar na brístí, na léinteacha, na stocaí agus na caipíní ar an mbórd rómpa agus ní mhiste a rád go raibh áthas ortha. Dúbhradar amhráin mholta agus buidheacas don gréasaidhe agus dá mhnaoi. Dheineadar gáire athais agus ann san d'imthigheadar leó. Ní fheaca an gréasaidhe ná a bhean as san amach iad agus ní raibh aon gnó acu díobh mar déirigh an saoghal go maith leó.(continues on next page)
- Collector
- Domhnaill Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Fionán Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- New Street, Co. Kerry