School: Baile 'n Sceilg (B.)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Seán P. Ó Súilliobháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile 'n Sceilg (B.)
- XML Page 193
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhi bean ann fado agus do bhi aon bho amhain aice. Do bhiodh gamhain ag an mbo gach bliain agus do chaillti an gamhain uirte gach bliain agus gad cruaidh aice leis. Trathus uain di do ghaibh fear siubhail an t'slighe agus do ghaibh se isteach chuiche. Do innis si a sceal do gur b'ionghantach an rud go gcaillti an gamhain gach bliain. D'fan se aice an la san agus nuair do thainig an oidhche do dhun se na doirse go leir agus do chuir se sios teine mor.
Thainig ard scannradh ar an mbean bhocht toisg an droich fhuadar a chonnaic si fen bhfear siubhail. Nuair do bhi se lasta do chaith se isteach an gamhain na lar. Do thosnuig an gamhain ar bheith ag doghadh agus ba ghearr gur buaileadh an doruis. Ce ta amuigh arsa an fear siubhail. Mise arsa an ghuth agus leog isteach me ar son De. Ni leogfhad arsa an fear go ndiolais an phingin bheag agus an phingin mhor leis an mbean bocht seo pe meid e. Da chead punt arsa an guth. Imthig agus tabhair leat e. Do imthig si ce gur dheocair lei e agus thug si lei an da chead punt. Nuair do thainig si do thug si an t'airgead don bean bocht agus d'imthig si as a radharc an noimeat ceadhna. As san(continues on next page)- Collector
- Séamus Mac Cártha
- Gender
- Male
- Informant
- Eibhlín Ní Cárthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 50