Scoil: Taplach (uimhir rolla 5114)

Suíomh:
Taplagh, Co. Monaghan
Múinteoir:
P. Ó Dubhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0931, Leathanach 248

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0931, Leathanach 248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Taplach
  2. XML Leathanach 248
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí an Cailleach Bhiorra in a comhnuidhe ar bhárr Shliabh gCuilinn,
    Seo bhearra a dubhairt sí,-
    Mise an chailleach Bhiorra bhocht,
    'S is iomaidh olc a chongnaidh mé,
    Sliabh gCuilinn, cé gurab árd an cnoc,
    Chonnaic mise ar an treas toit é (ann a ghlas ghuirt é)
    Bhí fear ann a chomhnuidhe ar na Buic, bliadhanta ó shoin, agus
    tugadh Conn na Súiste mar leas-ann air, gídh uar chuir sé
    Dúil mhór san obair. Seo thíos dá líne a rinneadh fa dtaoibh de,
    "Midilin gach lá 's gan do sháith ag na buaibh
    'S an Dáluigheach bréagh láidir ar a sharughadh a' tabhairt uadh.
    Seo Bhearra do chum fear éigin, nuair a bhí sé posta roinnt bliadhain.
    "Bhí mé tamalt, - cha bhíodh faire
    Do mo chomhair ins an tír,
    Nach rachainn ann ar shodar,
    Dá mbeéadh foghmhar le gaoith
    Anois tá an t-am áin caithte
    Tá mé ar lár ins an oidhche,
    'S go moch ar maidin théidhim ag obair
    'S chan áin liom é
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla