School: Athgarvan, Curragh (roll number 13350)
- Location:
- Athgarvan, Co. Kildare
- Teacher: Bean Mhic Niocaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Athgarvan, Curragh
- XML Page 186
- XML “Scéal S”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal S
“Bhí gleann uaigneach in aice le Mis Liomáin agus bhí fhios ag muintir na háite go mbíodh spiorad le feiscint ann.”
Seo síos scéal d'innis sean-duine d'arb ainm Micheal Ó Loclainn do'm athair leath-chéad bliadhain óshoin. Cailleadh Micheál breis is 30 bliadhna ó shoin agus bhí sé suas le 80 bliadhna d'aois an uair sin.Bhí gleann uaigneach in aice le Mis Liomáin agus bhí fhios ag muintir na háite go mbiodh spiorad le feiscint ann. Bíodh sí ag gabháil mór-timcheall an ghleanna timceall uaire an mheadan-oidhche agus i ag gabháil ranna dí féin ach aoinne a chuala í, ní fanfaidis chun na ranna do chloisint 'na gceart.
Bhí leath-phleice sa pharóiste agus bhí sé go h-an-mhaith cun ranna a dhéanamh. Bhí sé oidhche ag gabháil trid an gleanna úd nuair a tháinig an spiorad go hobann air agus ar sise - "'Coinnleóir is coinnle ann'.
Cuir-se leath-rann leis sin."In ionad tabhairt dos na bonnaibh mar a dheanfadh aoinne eile is amhlaidh do stad an pleidce agus ar seisean,"Muileann is é ar meilt ar thaobh abhann
Is gach uile deang aige thall is i bfus."
"'Coinnleóir is coinnle ann'
Cuir-se leath-rann leis sin"Ar sise leis airís."Cuileann is é á bhainnt i n am(continues on next page)- Collector
- Bríghid Bean Mhic Niocaill
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir