School: An Mhainistir, Móin Rátha (roll number 14243)
- Location:
- Mountrath, Co. Laois
- Teacher: Br Columban Ó Cróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhainistir, Móin Rátha
- XML Page 290
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cé chasfadh air ar an mbóthar acht Seán, an fear do bhí breóite. Thug an ministir crith a lámh dhó agus dubhairt go raibh áthas mór air a fheiscint na shláinte arís. Gabh Seán buidheachas leis na thaoibh. Tar éis greas cainnte mar sin do dhéineamh, thosnuigh an mhinistir ar insint dó go raibh sé ag socrú an teampaill agus go raibh sé ag bailiú airgid na chóir agus go raibh gach aoinne ag tabhairt síntiúis maith dhó agus go raibh súil aige go dtabharfadh Seán roinnt airgid dhó leis.
"Ó", arsa Seán, "Is maith an ceart, a dhuine uasail." "An mór a bheidh uait?"
"Cuig púint nó mar sin ars'an mhinistir.
Chuir Seán a lámh na phóca agus thug sé amach na cúig púint ar a bhais.
"Feach a dhuine uasail" ar seisean, "Sin é é. Bíodh dúil agat ann agus deinfidh sé an oiread maitheasa dhuit is dá bhfuighfeá é."(ó Dhd. Ó Coitir, SO, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Co.Chorcaí)- Informant
- Daibheád Ó Coitir
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork