Scoil: An Mhainistir, Móin Rátha (uimhir rolla 14243)

Suíomh:
Maighean Rátha, Co. Laoise
Múinteoir:
Br Columban Ó Cróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0833, Leathanach 290

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0833, Leathanach 290

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhainistir, Móin Rátha
  2. XML Leathanach 290
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Cé chasfadh air ar an mbóthar acht Seán, an fear do bhí breóite. Thug an ministir crith a lámh dhó agus dubhairt go raibh áthas mór air a fheiscint na shláinte arís. Gabh Seán buidheachas leis na thaoibh. Tar éis greas cainnte mar sin do dhéineamh, thosnuigh an mhinistir ar insint dó go raibh sé ag socrú an teampaill agus go raibh sé ag bailiú airgid na chóir agus go raibh gach aoinne ag tabhairt síntiúis maith dhó agus go raibh súil aige go dtabharfadh Seán roinnt airgid dhó leis.
    "Ó", arsa Seán, "Is maith an ceart, a dhuine uasail." "An mór a bheidh uait?"
    "Cuig púint nó mar sin ars'an mhinistir.
    Chuir Seán a lámh na phóca agus thug sé amach na cúig púint ar a bhais.
    "Feach a dhuine uasail" ar seisean, "Sin é é. Bíodh dúil agat ann agus deinfidh sé an oiread maitheasa dhuit is dá bhfuighfeá é."
    (ó Dhd. Ó Coitir, SO, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Co.Chorcaí)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Daibheád Ó Coitir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí