School: Clochar na Trócaire, Béal Átha na mBuillí
- Location:
- Strokestown, Co. Roscommon
- Teacher: An tSr. M. Olivia
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar chul ár dtíghe tá dhá chrainn fuinnseóga ag fás ar lios. Deirtear go seasann ceann amháin acu ar bhun agus ceann éile ar bharr uaighe ríogh atá curtha annsin in éinfheacht le n-a chapall agus a chlaidheamh.Le h-ais an leasa seo tá fothracha tighe. Nuair a bhí mó shean-athair in a gharsún thosuigh a thuismightheóiri ar an teach seo a thógáil, agus gach lá chidís girrfhiaidh ag dul thart, agus an méid a tógtai de'n tigh lá amháin bhíodh sé leagtha an chéad lá éile.Dubhairt na fír oibre go dtógfaidís é da mbeadh an diabhal féin ann. Rinneadar amhlaidh, agus nuair a bhíodar in a gcomhnuidhe ann chuaidh tríur de'n cheathrar fhear as a meabhair. D'fhill an fear éile chun an tighe in a bhfuilimíd in ar gcomhnuidhe faoi lathair. Níor tugadh isteach d'ár dtíg as an dtigh éile ach amháin an tlú atá in ár seilbh go fóill, agus tá sé an-aosta ar fad - tuairim dhá chéadh bhliadhain.
- Collector
- Bláthnaid Ní Bhoidcín
- Gender
- Female
- Address
- Glennameeltoge or Midgefield, Co. Roscommon
- Informant
- Séamús Ó Cheassaidhe
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Curraghroe, Co. Roscommon