School: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (roll number 13762)
- Location:
- Castletownbere, Co. Cork
- Teacher: An tSr. M. Rosáraí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara
- XML Page 032
- XML “Oícha Shamhna - Nósanna agus Piseoga sa Tuath Seo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tuiteann Oidhche Shamhna ar an oidhche roimh an céad lá de mhí na Samhna. Bíonn spleís mór i ngach tig an oidhche sin. Tá a lán nós agus piseóga ag baint leis an oidhche sin.
Is gnáthach go bailigheann páistí an bhaile go léir isteach i dtig amhaín agus go gcaitheann siad tosach na h-oidhche ann.
Geibheann siad tubán uisce, cuireann siad cúpla ubhall isteach ann agus bíonn siad ag iarraidh na h-ubhla do thógaint amach le'n a mbéal gan lámh do chur ortha. Nós eile iseadh ubhall do chrocadh ón síleáil agus bíonn siad ag iarraidh breith ar an t-ubhall le'n a mbéal gan lámh do chur air. Uaireannta leis téigheann na buacaillí amach agus bíonn trillseán aca ag breith ar éin. Nuair a chíonn an h-éin an solus cuireann sé míorán ortha agus eitilligheann siad i dtreó an trillseáin agus nuair a bhuaileann siad i gcoinnibh an trillseáin marbhuightear iad.
Deirtear go bhfaigheann anamnacha na marbh an oidhche sin saor agus go mbíonn siad ag dul mór thimcheall ag impighe orainn(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Lyre, Co. Cork