School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 014

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 014

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 014
  3. XML “An Gruagach agus an tAmadán Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí cómhnuidhe ar an nGruagach agus a mnaoi insan tseanachaisleán (Dún an Óir, Baile Iarthach Thuaidh). D’réir riaghal na haimsire sin bhí amadán ag gach duine uasal 'na Chaisleáin. Bhí coill an uair sin sa Chumar (nóta: idir an dá chuan) a shrois ó Pholl a’ Phúca go lár an Bhaile Iarthaigh. Ba mhinic an Gruagach ag fiadhach sa choill so.
    Lá dosna laetheannta so do ghluais sé ag fiadhach do féin agus d’fhág sé an t-amadán mór ag coimeád a mhná faid a bheadh sé féin a fiadhach. Bhí draoidheacht ag an nGruagach so, agus an lá so cheap sé an t-amadán mór a thriail. D’fhíll sé abhaile i riocht duine uasail agus thosnuigh sé ag cur cainnt agus ag bladar leis an mnaoi óig .i. bean an Ghruagaigh. Thuig an t-amhadán mór an fuadar a bhí fé. Tharraing an t-amadán chuige a chlaidheamh agus siúd ag troid é. Siúd ag troid an fear eile leis. Níorbh fhada ag troid é gur baineadh cos de'n amadán ach choinnibh sé air a troid go fíochmhar ag cosaint na mná.
    Baineadh an chos eile den amadán ach níor stop san é leis. Tháinig truagh ag an nGruagach do agus nuair a chonnaic sé dílseacht an t-amadán do thug sé le tuigsint do gurab é féin an Gruagach agus chuir sé a dhá chois ar an t-amadán mór arís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Ní Síothcháin
    Gender
    Female
    Address
    Lios Ó Móine, Co. Cork
    Informant
    Tomás O Síothcháin
    Gender
    Male
    Age
    52
    Address
    Lios Ó Móine, Co. Cork