School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 047
- XML “A Codladh, Airiú a Théann Gach Naon sa Tír”
- XML “Scéal - Fear Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Agus um cholainn ní théigeann aon phioch bídh
Acht feuch a feichinn in aon chor, Ó Laogh mo Chroidhe.
Tá iomarcha réid agus éileamh gaoil
Idir ainir na gcraobh agus na seibhear cruinn.
Is deas mar a rínnchainn an mhian sa Scotch
Ní deise na rínnchain Isle of Man.
Agus eirigheann mo chroidhe chómh hárd leis an ngaoith
Nuair a rínnchainn sí síos agus aníos liom ais.
Do bhí an long ina radairch an uair sin agus do thug sé lá agus oidhche gan biadh gan deoch, acht é ar an cnoch i fairre uirthi. Do thóg an namaidh an tobhach. Fear solais a bhí i dTig an tSoluis i gCléire san aimsir sin do dhein an spiereacht.Bhailig: Maire Ní Drisceóil, Cumolán Thuaidh
Fuaireas ó: Ciarán Ó Drisceóil, Cumolán Thuaidh - Do bhí bád ag dul amach le iasg ó Fiall Cua fadó, agus bhí fear suibhail ar fudh an Oileáin an aimsir ceudhna, agus do theasthuig uaidh posáisthe d'fágailt amach go dtí an mór-tír sa bádh seo. Do bhí mála mór éisg aige dhá tabhairt amach roimhis. Fear ana thana-chuiseach a beadh é, agus do chuaidh sé isteach sa bhád gan cead gan cómhairle.Do chuir muinnthir a bádh a cómhairle i gceann a chéile gurabh bhfearr é do chuir amach as an mbádh, é féin agus a mhála, mar go raibh an bád ró dhaoin. Dubhradar leis bheith amuig as an mbádh, acht dubhairt sé leó na geobhadh sé amach aisti. Fear dall, dána a beadh é agus ní raibh aon tuisghint ar bádh ná ar fairrgeóirtheacht aige. Pé sgeul é, do chaitheadhar amach é féin agus a mhála. Do tháinigh sé ar a dhá ghlúin annsan as cómhair muinnthir a bháidh, agus do tosnuig sé ag easghainibh ortha. Acht ar seisean:-"Strím ó'n dTigearna orraibh, a bhriseadh bh'úr gcrann, gan iasg in bh'úr líonthaibh ó Nodhlaigh go Samhain, acht spíarluinghe liatha agus(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Concubhar Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Ceathrúna, Co. Cork