School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 127
- XML “Matalang”
- XML “Scéal Toirní”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ac do fághadh sa chaise sibh ag casadh le snámh.
Bhailig: Seósam Ó Núalláin, Cnochán na Márnach, Inis Chléire
Fuaireas ó: Conchubhar Ó Síothcháin, Cnochán na Márnach - Tá sé ós chíonn chéad blíadan ó shoin ó bhí óidhche tóirníghe ann agus tá sé ráidte nár tháinig a leithéid de óidhche tóirníghe ó shoin. Níor chodail aoinne in aon tigh tiniúr an óidhche sin, ach amhain á bhfairre féin le h-eagla nár bhfios dóibh cad é an nóimeat a leaghfaí na tighthe ortha. Le fúaim gach ruchair do chritfhead an t-úrlar istigh ins na tighthibh agus na h-áraistí a bhíodh ar na driosiúrí, agus ní nách íonghnadh ní raibh teinne ná solus in aon tig gan chuir dhéugh ar eagla na lasracha. Ar an gceann toir in oilean a chómhnuigh an Sagart an aimsir sin agus ar maidion amaíreach do chuaidh bean dos na chómharsain go dorus tíghe an tSagairt, agus dúbhairt sí
"Athair labrás na náran an maireann tú tar éis na h-óidhche."
"Maireann a mháire mhór ach shíleas nar mhair aoinne eile ach mé féín". An oidche chéadna do thuit chaór ar chnoch i dtaobh theas d'en oileain agus do dhein sé cúpla chéad trigh ar doimneas de poll mór fairsing, agus is é an ainm atá fáltha ag an áit sin ríamh ó soin na "Poll á' dTuirc" agus drochadh "Phuill a' dTuirc."Bailigh: Seósamh Ó Núallain, Cnóchán na Márnach(continues on next page)- Collector
- Seósamh Ó Núallain
- Gender
- Male
- Address
- Cnocán na mBairneach, Co. Cork
- Informant
- Conchubhar Ó Síothcháin
- Gender
- Male
- Address
- Cnocán na mBairneach, Co. Cork