School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall le trí ceadh bliain ó shoin, nú béidir níos mó, d'fhág long áit éigin abhfhadh ó bhaile agus bhí córa óir innti, mar pháirt dhá ualach. Tá sé chómh fada san anois ó tuit sé amach, ná bhfuil i fhios ag aoinne cad é an tír d'fhág sí. Nuair a bhí sí ar an mbótar abhaile, do tháinig Piorataí suas leí agus do guidheadhar an t-ór aisti. Nuair a tháinig an long abhaile do craobhsgaoileadh gur guidheadh an t-ór t-ór aisti, agus d'imthig árthach ríoghamhail amach a lorgh an Phiorath, acht má sead níor tánadar suas léí mar bhí cuisidheacht níos feárr ag an bPiorath ná ag an t-ártach eile. Do tháinig long na bPiorathaí isteach chómh fada le Costaí na hÉireann, agus ní mór ná gur rugadh ortha ar an dtaobh theas do Cléire. Do tháinig an dhá ártach isteach an beallach, agus tá sé ráidhthe gur chasadar pointe agus ins chás go ndeigh an Piorat amúgadh timcheall na gcarraigeacha. Is dócha gurabh é an bunadach do tháinig ortha mar ball íargúlach iseadh Cuas-a-Bháid, mar do chuireadhar an fear-gorm ar dtír agus an córa óir ina theanntha. Deir sean-daoine go bhfuil an fear gorm curtha in aiche an tsrutháin atá ag dul síos sa Chuas, agus an córa-óir curtha ina teanntha, agus go bhfuil chloch bhán aga cheann. Acht pé 'ca fíor ná breagh é, tá an srután agus an cloch bhan ann le feischint fós. Tá rudh eile a bhí ráidhthe, sin go raibh gort in aice leis go raibh poll mór fé thalamh ag dul ó'n bhfairrghe, isteach suas fé, agus tá an pháirch sin ann agus ní fios cad é an fhaid atá a poll ag dul isteach fuithi. Deirthear go ndubhairth an fear-gorm sul ar fuair sé bás, go gcoimeádhfhadh sé an córa óir chómh mait nuair a bhí sé marbh, is do coiméad sé é nuair a bhí sé beó.Do cualaidh mo athair dhá rádh go gcualaidh sé 'áintín dhá rád, go gcualaidh sí sin áintín a chéile dhá rád nuair a bhí sí ina cailín beag go(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Ciarán Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Comalán, Co. Cork