School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 018
- XML “Leanaí Leán Gós”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go raibh sé dearg go maith. Annsan do thóg sé amach é agus bhí sé chun é sháthadh isteach i gcraos na leanbh nuair léim beirt shean-daoine amach as an gcliabhán agus amach a' doras leo agus fágadh na leanbhaí cearta sa chliabhán.
- Do bhí na Stations i dtigh ar an mbaile seo tímpal deich mbliadhna is trí fichid ó shoin agus bhí fear gur chóir do bheith ar an Station an mhaidean san bhí sé síos ar a' bpoinnte a' marbhúghadh dheargán. Pé féuchaint a thug sé thar barraicín na slaite bhí curraig ann agus fear amháin innte.
D'fhiafraigh fear an churraigh d'fhear na slaite "dén fáth ná raibh sé ar na "Stations". Pé leath-sgéul a thug sé do, dubhairt sé leis go raibh go maith, ach imtheacht láithreach agus fiarúghadh ón tsagart a' raibh aon deis ag drom an Uabhair ar na flaithis agus go mbeadh sé féin a' marbhú na ndeargán go bhfilleadh sae.
D'imthigh an fear leis agus d'fhan sé go bhfuair sé amus cainnte leis a' sagart agus d'innis a chúrsa do, connus mar a bhí. Dubhairt an sagart leis imteacht agus a rádh leis an bhfear a bhí ar an gcarraig na raibh aon deis ag drom an uabhair ar na Flaithis coidhche agus gan dul níos giorra dho na faid a ghlaodh agus gan aon bheithideach éisg a bhí leath-is-tíos de marc a lán marraig a thógailt.
Chuir sé de agus do labhair sé ó bhearna 'n scrithín agus(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Donnchadh Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 25
- Address
- Comalán, Co. Cork