School: Inis Arcáin, Dún na Séad (roll number 14065)
- Location:
- Gneeves, Co. Cork
- Teacher: Risteárd Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Arcáin, Dún na Séad
- XML Page 170
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéalta GrinnScéal 1Fadó bhí taidhbhse in a chomnuidhe san "Urchar", sin áit in aice na scoile ar an oileán seo. Oidhche amháin bhí táilliúir ag dul fan an mbóthar agus chonnaic sé an bhean. Do rith sí in a dhiaidh. Bhí siosúr ag an táilliúir agus do thóg sé amach as a phóca é. Do choimeád sé an siosúr i dtreó na spride mar deirtear nach bhfuil comhacht ag aon sprid díoghbháil do dhéanamh d'aoinne go bhfuil aoin úrlais cruadhach in a láimh aige. Thainigh sé go dtí an sean-mhainistir agus do léim sé isteach san reilg. Níorbh fheídir leis an mnaoi an falla do léim, agus b'éigin di filleadh thar nais go dtí an poll in a raibh sí ag comhnuide. Do chaith an táilliúir bocht an oidhche san reilg. Cúpla lá in a dhiaidh sin bhí sagart ag siubhal thar an áit, agus chonnaic sé an bhean seo agus chuir sé as an áit í go tráigh éigin eile taobh amuigh de Éirinn, agus sé an píonós a chuir sé uirthi ná ag coimhreamh na ngrainní ngainmhe ann.Scéal 2 Deirtear go raibh madra ann fadó, agus sé an ainm a tugadh air ná "Madra Trágha Cú". Tá tigh mo sean-mháthair an-ghairid don tráigh ar a nglaodhtar(continues on next page)