School: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)

Location:
Skibbereen, Co. Cork
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 041

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 041

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
  2. XML Page 041
  3. XML “Scéalta ag Baint le hInis-Arcáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sean-mhainistir in Inis Archáin a tógadh i lár na cúighúdh aoise déág. Ba le mianaig a bhí sé. Bhí mórán díobh ann agus bhí ospidéal, séipéal agus seomraí codlata 'san mhainistir.
    Bhí teampall mór na lár agus staighre casta ag dul suas air. Bhí sé sin ag na manaigh chun dul anáirde air nuair a bhéadh aon dainnséar. Do dóigheadh é i lár na sémhadh aoise déág Fear ar a tugadh h-Aicéád ó Phortláirge a dhein an droch-bheart; Deirtear gur tháinig loingheas isteach i gCuan Dún na Séád agus go raibh fíon ar bhórd aca. Do ghoid Fínian Ó Drisceóil cuid d'en bhfíon agus á' fhághail díoghaltais a bhí h-Aicéád nuair a dhein sé an droch bheart san.
    Tá caisleán eile ann leis agus is le Fínian Ó Drisceóil é, bhí fallaí móra 'na dtimcheall agus bhí garasún aige ann. Bhí caisleáin aige in áiteanna eile leis, acht do dóigheadh iad san go léir. Bhí Fínian Ó Drisceóil i gcomhnuidhe ag deánamh droch-bheartaí agus bhí mórán airgid aige, acht do dhíol sé go daor as an ghníomh sin. Do doigheadh gach caisleán a bhí aige agus na h-áiteanna mór thimcheall leis.
    Tá Tobar Naomhtha in Inis Arcáin leis, Tobar na nGabhann a tugtar air. Téigheann daoine ann agus deineann siad trí thurais mór thimcheall. Deireann siad a bpaidreacha ann annsan, agus nuair a bhíonn aon rud ag chur isteach ar a sláinte, cuireann siad an t-uisce naomhtha ar an áit ná bhfuil go maith chun biseach do chur air. Fágann daoine rudaí 'na ndiaidh ag an dtobar.
    Cléir Ní Concubhair
    ó m'athair, Tadhg atá in a chomhnuidhe in Inis Arcáin
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    3. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Cléir Ní Concubhair
    Gender
    Female
    Informant
    Tadhg Ó Concubhair
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Sherkin Island, Co. Cork