School: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Gach Samhradh tagann daoine ó cian is ó chomhgar chun an fothraig sin d'feiscint. Is iomdha duine a fuair foithin ann i n-aimsear cogaidh. Seasuigheann an caisleán go maordha fós agus is féidir é d'feiscint mílte ó bhaile. Tugadh "Caisleán Uí Dhonnabháin" ar an gceanntar mór-thimcheall an chaisleáin.
An Cathair Óg Ar an dtaobh theas de Dhrom-Dha-Liagh i nduthaigh "Meall-na-Sgeiche" atá Cathair Óg tógtha. I gcúinne éigin de pháire tá cloch mór leathan agus fioghar na croise le feiscint uirthi. Is amhlaidh do bhí sagart ag léigheamh Aifrinn agus chuir sé fioghar na croise san gcloich agus tá sí le feiscint fós uirthe. I n-áit eile den pháirce tá rian cúig méaranna le feiscint i bpíosa adhmhaid. Deirtear go raibh fathach ag teicheadh ó naimhde a tíre is chuir sé a lámh ar an admad mar tacha agus sin é an fáth go bhfuil na méaranna le feiceáil ann fós. Bhí tighthe beaga - botháin le feiscint go dtí anuraidh, i lár na páirce. Bhí cailín datamail 'na comhnuidhe i gceann amhráin acu agus 'na taobh do ceapadh an t-amhrán úd:- "An Cailín Deas Crúidhte na mBó" ag fear de muinntir Uí Néill.
Léim an tSagairtI n-aimsir na bPían-Dligthe ní raibh cead ag na sagairt an t-aifreann do leigheadh ins na séipéil agus maidin eigin is an sagart(continues on next page)- Collector
- Eibhlís Ní Drisceoil
- Gender
- Female
- Address
- Lissane Upper, Co. Cork
- Informant
- Diarmuid Ó Drisceóil
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Lissane Upper, Co. Cork