Scoil: An Dúinín (uimhir rolla 4444)
- Suíomh:
- Dooneen, Co. Cork
- Múinteoir: R. Ó Motharua
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Dúinín
- XML Leathanach 108
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Comharthaí Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do bhris sí an gloine agus d'imtig sí le fráma na fuinneóige tímcheall a muinéil.
- Nuair a chítear spéir dhearg um thráthnóna cómhartha é sin go bhfuil aimsear mhaith ag teacht.
Nuair a chítear spéir dhearg ar maidin comhartha doininne iseadh é.
Spéir "macréil" iseadh cómhartha droch aimsire.
Nuair a bhíonn spéir le "caisleáin" ann deirtear go mbeidh an lá ceathach.
Cun spéir "buidhe" d'fheiscint sin cómhartha báistighe.
Cun spéair reáltógach d'fheiscint sin cómhartha seacha.
Cun tuar-cheatha d'fheiscint istoidhche beidh aimsear maith againn.
Nuair a bhíonn tuar-cheatha san spéir ar maidin deirtear go mbeidh ciothanna ann.
Ma bhíonn éin fairrge ag an tír, ag eitilt tímcheall na háite bhí cinnte go bhfuil stuirm ag teacht.
Tiocfaidh an bháisteach má bhíonn na fáinleóga ag eitilt go h-íseal.(leanann ar an chéad leathanach eile)